Back to Search
Start Over
An scríbhneoir agus an seanchaí : cás-staidéar ar na trasnuithe agus ar na deighiltí i ngearrscéalta iontais Shéamuis Uí Ghrianna agus saothar béil Annie Báine
- Publication Year :
- 2020
- Publisher :
- Ulster University, 2020.
-
Abstract
- Is ar éigean, ar ndóigh, is féidir saothar Shéamuis Uí Ghrianna a chaibidil gan béaloideas a lua nó is minic a thagraítear i léirmheasanna ar an scríbhneoir do chultúr an traidisiúin bhéil a bheith mar chúlra nó d'anáil an bhéaloidis a bheith le mothachtáil ina chuid saothar. Dá mb'amhlaidh gur tharraing sé an oiread sin ó thobar an traidisiúin bhéil agus gur admhaigh na léirmheastóirí an méid sin féin, nár chóir cur chuige béaloidis a tharraingt isteach faoi raon an phlé le go dtuigfear go cruinn beacht an áit a dtrasnaíonn féith an chaomhnóra le féith na cruthaitheachta ina chuid saothar. Chonacthas dom mar sin go raibh géarghá le buntaighde ar ábhar an bhéaloidis i saothar Uí Ghrianna. Le hiniúchadh a dhéanamh air seo, d'fhéach mé le dhá shlat tomhais a tharraingt isteach. A chéad uair, baineadh úsáid as Prionsabail na n-Insintí Béil de chuid Axel Olrik mar phointí comhtheagmhála ar na gnásanna atá sa traidisiún béil. Ansin, bhain mé úsáid as deirfiúr Shéamuis, an seanchaí Annie Bhán, le féacháil ar na Prionsabail agus iad ar obair. Is é atá i gceist agam mar sin go bhfuil idir shruth béaloidis agus shruth litríochta sa tráchtas seo. Sílim go dtabharfaidh cur chuige den tseórt seo deis annamh do léinn na Gaeilge fios a bheith againn ar nósanna traidisiúnta agus ar chúrsaí stílíochta a chleacht Séamus Ó Grianna le linn a shaoil fhada scríbhneoireachta.
- Subjects :
- Folklore
Be´aloideas
Oral theory
Teoiric
Olrik
Intersections
Divisions
Subjects
Details
- Language :
- English
- Database :
- British Library EThOS
- Publication Type :
- Dissertation/ Thesis
- Accession number :
- edsble.830950
- Document Type :
- Electronic Thesis or Dissertation